Cuairt ar Choláiste Cholmáin

Posted by

·

Ag tacú le Gaeilge sna scoileanna áitiúla – Supporting Irish in mainstream schools. Thug muid cuairt ar rang AS/A2 i gColáiste Cholmáin an tseachtain seo. Labhair muid faoi na deiseanna fostaíochta iomadúla atá ar fáil anois in earnáil na Gaeilge agus faoi chúrsaí ag an tríú leibhéal. Bronnadh foclóirí, féiríní beaga agus málaí siopadóireachta ar na gasúir agus bhí dinnéar blasta againn sa cheaintín. Ócáid phleisiúrtha fhiúntach a thaitin go mór linn. Buíochas do Roinn na Gaeilge sa choláiste. Togra de chuid Chraobh an Iúir le tacaíocht faoin SFLG (Foras na Gaeilge).