100,000 fáilte chuig Beár an Iarnróid

Posted by

·

Más Gael thú tar isteach sa Railway

Beidh fáilte romhat ann

Más ainm duit Taidhgín nó Pat

Chomh fada gurb as Éirinn thú

Beidh fáilte ar an mhat’

Má thagann tú ó cheantar an Mhúrn

Nó ó Chamloch na n-iliomad beár

Canfar amhrán duit is déanfar fuadar

Pé duine thú beidh tú i gcomhluadar

Más Gael thú is í an Railway an áit is fearr