Cnuasach eisceachtúil bronnta ar Chartlann an Ghaelárais – bailiúchán cuimsitheach d’ábhair a bhaineann go háirithe le tréimhse na Stailceanna Ocrais (na céadta de clippings, eagráin iomlána den IRISH NEWS, bileoga, c100 póstaeir agus tuilleadh). An-úsáideach do staraí ar bith, dóibh siúd atá ag teagasc/staidéar TGMO Stair (mír ó na Specs thíos), agus do pholaiteoirí. Is é Damian Mc Kevitt a thug a stuif dúinn agus táimid fíorbhuíoch dó. Mar chéad chéim, déanfar na póstaeir a chatalógú ar ball.


